Sábháilteacht Táirge Agus Picteagraim - Lukas eWXT Manual De Instrucciones

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 46
1. ÚSÁID CHEART
Gléas tarrthála leictri-hiodrálach atá sa táirge seo� Dearadh an trealamh chun
daoine nó sócmhainní ábhartha a tharrtháil i ndiaidh timpiste tráchta nó tubaiste
nádúrtha nó misean tarrthála eile� Ná húsáidtear an gléas tarrthála in oibriúcháin
ardaithe
Is oiriúintí bunaidh LUKAS, amháin, is ceart a úsáid in éineacht leis�
Níl an monaróir faoi dhliteanas i leith damáiste ag éirí as mí-úsáid� Is é an
t-úsáideoir, agus an t-úsáideoir amháin, atá freagrach as aon úsáid den sórt sin�
Tá gléasanna eWXT de chuid LUKAS oiriúnach lena n-úsáid faoi uisce�
2. SÁBHÁILTEACHT TÁIRGE AGUS PICTEAGRAIM
Is é sábháilteacht an oibreora an rud is tábhachtaí agus an táirge á dhearadh�
Ina theannta sin, tá na treoracha oibriúcháin ann chun cabhrú leat táirgí LUKAS a
úsáid go sábháilte�
Chomh maith leis na treoracha oibriucháin sa lámhleabhar seo, ní mór cloí leis
na rialacháin dlíthiúla ghinearálta agus le rialacháin cheangailteacha eile atá i
bhfeidhm chun tionóiscí a chosc agus an timpeallacht a chosaint�
Daoine a fuair oiliúint chuí ar ghnéithe sábháilteachta an trealaimh, amháin,
a fhéadfaidh an trealamh a oibriú; tá baol gortaithe ann má dhéantar a mhalairt�
Ba cheart do gach úsáideoir an lámhleabhar oibriúcháin a léamh go cúramach sula
mbaintear úsáid as an trealamh� Ní mór gach treoir ann a leanúint go mion sula
ndéantar an trealamh a úsáid�
Molaimid freisin go dtaispeánfaidh oiliúnóir cáilithe duit conas an táirge a úsáid�
Léigh an treoirleabhar úsáide don cheallra ian litiam! Tabhair cuairt
ar www�akku-power�com chun cóip den treoirleabhar a fháil�
Ní mór aird a thabhairt ar na treoracha úsáide i gcás oiriúintí freisin!
Maidir leis na hoiriúintí a bheidh in úsáid agat, cinntigh gur dearadh
iad chun a bheith in ann uasbhrú oibriúcháin an trealaimh tarrthála
a sheasamh�
Ná bí ag obair agus tú tuirseach nó ar meisce!
Ná húsáid an trealamh seo riamh ach de réir mar a deirtear sa
chaibidil "Úsáid cheart"�
Bí cinnte nach bhfuil aon bhall coirp ná do chuid éadaí i bhfostú idir
na páirteanna gluaisteacha�
Beir greim ar hanla an trealaimh nó ar an bhfeireadh� Ná bain do
shlata loine na sorcóirí tarrthála!
de
en
fr
es
pt
it
nl
da
sv
fi
el
pl
cs
sk
hu
ro
bg
sl
hr
et
lv
lt
ga
mt
zh
ko
ja
ar
313
loading