LG PC09SQNSJ Manual Del Usuario página 333

Tabla de contenido
Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 28
• I ndiaidh an táirge a shuiteáil nó é a dheisiú, dearbháil i gcónaí i gcomhair sileadh gáis
(cuisneáin). Má tá méid an chuisneáin íseal, d'fhéadfadh an táirge cliseadh.
• Ba cheart go mbeadh teastas bailí reatha, ó údarás measúnaithe, creidiúnaithe ag an
tionscalaíocht, ag aon duinne atá bainteach le hoibriú ar chiorcad cuisneáin nó
briseadh isteach ar chiorcad cuisneáin, agus go bhfuil a n-inniúlacht ag láimhséal
cuisneáin go sabháilte údaraithe de réir meanseanú aitheanta ag an tionscalaíocht.
• Caith trealamh cosanta pearsanta (TCP) leormhaith agus an tairge á shuiteáíl, á
chomhthabháil nó a sheirbísiú.
Oibriúchán
• Ná bain feidhm as an táirge le haghaidh cuspóirí faoi leith amhail bia nó saothair
ealaíne agus araile a chaomhnú. Is gléas aerchóirithe do thomhaltóirí é, ní córas
beachtchuisniúcháin. Tá baol ann go ndéanfar díobháil do mhaoin nó go gcaillfear
maoin.
• Ná bac ionraon nó asraon na haershreibhe. D'fhéadfadh sé bheith mar shiocair le
cliseadh an táirge.
• Bain feidhm as ceirt bhog chun é a ghlanadh. Ná bain feidhm as glantaigh
dhíobhálacha, tuaslagóirí, nó ná caith uisce agus araile. Tá baol ann go mbeidh tine,
turraing leictreach nó go ndéanfar díobháil do pháirteanna plaisteacha an táirge.
• Ná tadhaill páirteanna miotail an táirge nuair atáthar ag baint an scagaire aeir amach.
Tá baol ann go gortófar thú.
• Ná seas ar an táirge agus ná cuir aon rud air. Tá baol ann go
gortófar tú agus go gclisfidh an táirge.
• Cuir an scagaire ar ais isteach go daingean i ndiaidh é a ghlanadh. Glan an scagaire
gach dhá sheachtain nó níos minice más gá. Má tá an scagaire salach, laghdófar
éifeachtúlacht an táirge.
• Ná cuir lámha nó réada eile isteach tríd an ionraon nó an asraon aeir fad is atá an
táirge ag feidhmiú. Tá páirteanna géara a bhogann a d'fhéadfadh tú a ghortú.
• Bí cúramach fad is atá an pacáistiú á baint den táirge agus nuair a dhéantar é a
shuiteáil. D'fhéadfadh ciumhaiseanna géara daoine a ghortú.
• Má sceitheann an gás cuisneáin fad is atá an táirge á dheisiú, ná tadhaill an gás
cuisneáin atá ag sceitheadh. Tig leis an ngás cuisneáin bheith mar shiocair le dó
seaca.
• Ná claon an t aonad fad is atá sé á bhaint nó á dhíshuiteáil. D'fhéadfadh an t uisce
comhdhlúite istigh ann sileadh as.
• Ná measc an t aer nó an gás ach amháin an cuisneán sonraithe a bhaintear feidhm as
sa chóras. Má théann aer isteach sa chóras cuisneáin, beidh an brú i bhfad ró-ard agus
beidh sé mar shiocair le díobháil don trealamh nó le gortú.
• Má sceitheann an gás cuisneáin i rith na suiteála, aeráil an áit láithreach bonn. Mura
ndéantar amhlaidh, tig leis bheith díobhálach do do shláinte.
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA TÁBHACHTACHA
7
(do R32)
Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido