TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA TÁBHACHTACHA
Léigh na réamhchúraimí san lámhleabhar
seo go cúramach roimh an aonad a oibriú.
Léiríonn an tsiombail seo gur cheart an
Lámhleabhar Oibríochta a léamh go
cúramach.
LÉIGH GACH TREOIR SULA mBAINEANN TÚ FEIDHM AS AN nGLÉAS.
Déan de réir na réamhchúraimí a leanas chun cúrsaí contúirteacha a sheachaint agus
chun buaicfheidhmíocht do tháirge a chinntiú
RABHADH
!
D'fhéadfadh mionghortú nó díobháil don táirge bheith mar thoradh nuair a dhéantar
neamhaird de na treoracha
FAINIC
!
D'fhéadfadh mionghortú nó díobháil don táirge bheith mar thoradh nuair a dhéantar
neamhaird de na treoracha
RABHADH
!
• Má dhéanann daoine neamhcháilithe é a shuiteáil nó é a dheisiú, d'fhéadfadh sé
bheith baolach duitse agus do dhaoine eile.
• Is gá do dhaoine cáilithe amháin a bhfuil údar acu an obair shuiteála a dhéanamh de
réir an Cód Leictreachais Náisiúnta (National Electric Code).
• Tá an t eolas sa lámhleabhar ceaptha do theicneoir seirbhíse cáilithe a bhfuil taithí acu
le réamhchúraimí sábháilteachta agus a bhfuil na huirlisí agus na gléasanna tástála cuí
acu.
• D'fhéadfadh an trealamh mífheidhmiú, díobháil tarlú do mhaoin, gortú pearsanta
agus/nó bás tarlú mura léitear agus mura leantar gach treoir sa lámhleabhar seo.
• Ní mór cloí le rialachán náisiúnta ar ghás.
• Ní mór gan fhoinse adhainte a bheith ag duchtanna ceangailte leis an ngléas.
Suiteáil
• Ná bain feidhm as scoradán ciorcaid lochtach nó atá faoin méad a mheastar dó. Bain
feidhm as an scoradán agus an fiús ceart. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing
leictreach ann.
• Nuair is gá obair le haibhléis a dhéanamh, déan teagmháil leis an mangaire, leis an
ndíoltóir, le leictreoir cáilithe, nó le Lárionad Seirbhíse Údaraithe. Ná díchóimeáil agus
ná deisigh an táirge tú féin. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Ceangail an táirge leis an talamh mar a léirítear sa léaráid do na sreanga. Ná ceangail
an tsreang thalmhaithe le píobáin gháis nó uisce, le slat tintrí nó le sreang talúin
ghutháin é. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA TÁBHACHTACHA
Tá an gléas seo lán le cuisneán inadhainte
(R32).
Léiríonn an tsiombail seo gur cheart go
mbeadh pearsanra seirbhíse ag láimhseáil
an trealaimh seo i dtaca leis an
Lámhleabhar Suiteála.
3
(do R32)